Ullmhúchán le haghaidh éisteachta

Tar éis dáta a bheith comhaontaithe agus gach achoimre ar fhianaise/gach aighneacht dhlíthiúil a bheith faighte agus malartaithe ar mhodh tráthúil (de réir Rialacha an Bhinse Luachála), seolfar éisteacht.

Seoltar éisteachtaí go cianda, in oifigí an Bhinse Luachála i Sráid Holles, Baile Átha Cliath 2, nó ar shiúl ón láthair sin in ionad níos mó má tá lucht freastail líonmhar/líon mór finnéithe le bheith ann. Tosaíonn achomhairc ar 10am nó ar 2pm.

I rith na héisteachta, beidh deis ag an achomharcóir agus ag an bhfreagróir araon a n-achoimre féin ar fhianaise a chur i láthair agus an páirtí eile a chroscheistiú.

Déanfaidh an Rannán Binse a bheidh sannta don achomharc lena mbaineann (3 Chomhalta) an éisteacht a dhúnadh tar éis deireadh a bheith curtha leis an gceistiú agus leis an gcroscheistiú, agus cinnfear an toradh in am trátha.

For further details see: Hearing Procedure and Precis of Evidence