Faisnéis Fúinn

 

An Binse Luachála

Tá an Binse ina chomhlacht neamhspleách a bunaíodh faoin Acht Luachála 1988 agus a buanaíodh leis na hAchtanna Luachála 2001 – 2015 chun cinneadh a dhéanamh faoi achomhairc i gcoinne breitheanna de chuid an Choimisinéara Luachála maidir le luacháil a dhéantar ar mhaoin tráchtála chun críocha rátúcháin. Is comhlachtaí ar leithligh iad an Binse Luachála agus an Coimisinéir Luachála/an Oifig Luachála agus tá siad neamhspleách ar a chéile.

Is féidir achomharc faoin Acht Luachála a dhéanamh chuig an mBinse ar fhoras chandam na luachála a dhéantar ar mhaoin nó ar fhoras inrátaitheacht maoine. Féadfaidh an Binse achomharc a dhícheadú agus, ar an dóigh sin, breith an Choimisinéara a dhaingniú; géilleadh d’achomharc agus luacháil na maoine a leasú; breith a thabhairt á rá gur ceart an mhaoin lena mbaineann an t-achomharc a áireamh sa liosta luachála nó a eisiamh ón liosta sin.

Tá cumhacht ag an mBinse freisin, faoi alt 22 den Acht um Láithreáin Thréigthe 1990 agus faoi alt 13 den Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe 2015, chun achomhairc ó úinéirí talún uirbí i gcoinne cinntí i leith margadhluach talamh den sórt sin, arna chinneadh ag údarás áitiúil, a éisteacht. Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse faoin Acht sin ar fhorais a bhaineann leis an margadhluach a chinneann an t-údarás áitiúil.

Faoi réir an chirt chun achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí, is breith chríochnaitheach í breith an Bhinse.

Sainordú

Is é sainordú Oifig an Bhinse Luachála an tacaíocht riaracháin agus cléireachais go léir a bhfuil gá léi a sholáthar don Bhinse Luachála i leith chomhlíonadh a oibleagáidí reachtúla faoi na hAchtanna Luachála 2001 – 2015, faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990 & faoin Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe 2015.

Ráiteas Misin

Tá oifig an Bhinse Luachála tiomanta i leith tacaíocht éifeachtúil éifeachtach a sholáthar don Bhinse maidir le comhlíonadh a oibleagáidí reachtúla agus maidir le seirbhís ardchaighdeáin neamhchlaonta a chur ar fáil do gach páirtí i bpróiseas achomhairc an Bhinse.