Beartas maidir le Príobháideachas

Beartas an Bhinse Luachála maidir le Príobháideachas

  1. Sa Bheartas seo maidir le Príobháideachas, is ionann tagairtí don “Binse”, don chéad phearsa san uimhir iolra den fhoirm scartha (e.g. muid, sinn) agus den fhoirm tháite de bhriathra, agus don aidiacht shealbhach “ár” agus tagairtí don Bhinse Luachála. Is ionann tagairtí don fhorainm “tú/tusa”, don dara pearsa den fhorainm réamhfhoclach san uimhir uatha agus don aidiacht shealbhach “do” agus tagairtí don duine a mbailímid agus a n-úsáidimid a chuid nó a cuid faisnéise pearsanta.
  2. Tá feidhm ag an mBeartas seo maidir le Príobháideachas idir tusa agus an Binse Luachálam.
  3. Is ionann tagairtí don láithreán gréasáin agus tagairtí do www.valuationtribunal.ie.
  4. Is ionann tagairtí do “sonraí” tagairtí don fhaisnéis phearsanta go léir a chuireann tú faoi bhráid an Bhinse.
  5. Is é atá i bhfaisnéis phearsanta ná aon fhaisnéis a bhféadfaimis úsáid a bhaint aisti chun duine a shainaithint. Ní áiríonn sé faisnéis phearsanta de chineál atá ionchódaithe, atá anaithnidithe nó atá ar fáil go poiblí.
  6. Féadfaidh an Binse an Beartas seo a athrú ó am go ham agus, dá bhrí sin, is ceart duit an láithreán gréasáin a sheiceáil ó thráth go chéile lena chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi aon athruithe a dhéantar. Trí achomharc a thaisceadh, toilíonn tú leis an mBeartas seo maidir le Príobháideachas.
  7. Is ceart aon cheisteanna atá agat faoin mBeartas seo maidir le Príobháideachas a chur chuig Cláraitheoir an Bhinse nó, mar mhalairt air sin, is féidir leat dul i dteagmháil leis an mBinse leis an teileafón ag 01 676130, aon tráth le linn uaireanta oibre ó Luan go hAoine.
  8. Tá an Binse tiomanta i leith príobháideachas páirtithe a dhéanann achomharc chuig an mBinse a chosaint agus a urramú. Chuige sin, tá nósanna imeachta curtha ar bun againn chun a chinntiú go ndéantar do chuid sonraí pearsanta a láimhseáil go freagrach agus i gcomhréir leis an reachtaíocht a bhaineann le cosaint sonraí.
  9. Sa Bheartas seo, tugtar míniú i dtaobh cén fáth go mbailíonn an Binse faisnéis phearsanta, i dtaobh conas a úsáidimid an fhaisnéis sin, i dtaobh na gcoinníollacha ar dá réir a fhéadfaimid í a nochtadh do dhaoine eile agus i dtaobh conas a choimeádtar do chuid faisnéise pearsanta i riocht daingean.

Cé sinn

  1. Tá an Binse ina chomhlacht reachtúil a bunaíoch chun achomhairc a éisteacht, ar achomhairc iad a dhéantar i gcoinne chinneadh an Choimisinéara Luachála i leith luacháil inrátaithe maoine tráchtála agus tionscail. Ina theannta sin, éisteann an Binse achomhairc i gcoinne breitheanna a dhéanann údaráis pleanála le linn margadhluach láithreán folamh a chinneadh agus achomhairc i gcoinne breitheanna a dhéanann údaráis áitiúla le linn luach láithreán tréigthe a chinneadh.

Conas a bhailímid faisnéis uait

  1. Bailíonn an Binse faisnéis uait nuair a thíolacann tú fógra comhlánaithe achomhairc agus ráitis nó tuarascálacha i scríbhinn faoi do mhaoin, lena n-áirítear mionsonraí amhail an cíos nó téarmaí do chonartha tionóntachta nó léasa, ar mionsonraí iad a sholáthraíonn tú chun tacú le d’achomharc nó mar fhreagra ar iarrataí ar fhaisnéis bhreise.

An cineál faisnéise pearsanta a bhailímid uait

  1. Áiríonn an fhaisnéis phearsanta a bhailímid uait d’ainm, do chuid mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh do mhaoine, do phostchód, do sheoladh ríomhphoist, ainm agus seoladh do ghníomhaire, faisnéis chíosa, mionsonraí faoi théarmaí airithe atá ann i do chomhaontú tionóntachta nó léasa agus aon fhaisnéis phearsanta eile a sholáthraíonn tú lena húsáid chun tacú le d’achomharc. Ní bhailímid ach an méid is lú faisnéise pearsanta a bhfuil gá léi chun teagmháil a dhéanamh leat agus chun d’achomharc a phróiseáil.

Conas a úsáidimid do chuid faisnéise

  1. Baineann an Binse úsáid as do chuid faisnéise pearsanta chun an méid seo a leanas a dhéanamh
    • d’achomharc a phróiseáil agus ar mhaithe le haon chuspóir dlisteanach eile a bhaineann le d’achomharc, agus
    • ár gcúram reachtúil a chur i gcrích i ndáil le d’achomharc a éisteacht agus/nó a chinneadh. Ní bhaileoimid, ná ní úsáidfimid, na sonraí sin ach amháin de réir an Bheartais seo maidir le Príobháideachas. Déantar na sonraí pearsanta go léir a stóráil go daingean de réir na bprionsabal iomchuí a bhaineann leis an dlí cosanta sonraí. Mura rud é go bhfuil oibleagáid orainn, nó go gceadaítear dúinn, déanamh amhlaidh de réir an dlí, agus faoi réir aon nochtadh tríú páirtí dá dtagraítear sa Bhearta seo, ní dhéanfar do chuid faisnéise a nochtadh d’aon tríú páirtithe.

Cé leis a gcomhroinnimid do chuid faisnéise pearsanta

  1. Le linn a bheith ag déileáil le d’achomharc, beidh ar an mBinse do chuid faisnéise phearsanta a chomhroinnt le háititheoir na maoine lena mbaineann an t-achomharc (más rud é nach tusa atá i gceist), leis an údarás rátúcháin ar ina limistéar atá an mhaoin sin suite agus ar na Coimisinéirí Luachála agus ar aon pháirtí eile ar dealraitheach don Bhinse ina leith go ndéanann an bhreith a dhéanann sé faoin achomharc difear dó nó di.

Cá fhad a choimeádaimid sonraí

  1. Coimeádfaimid do chuid faisnéise pearsanta ar feadh tréimhse trí mhí tar éis cinneadh an Bhinse a eisiúint. D’fhéadfadh sé tarlú go gcoimeádfar do chuid faisnéise pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná sin má dhéantar achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne bhreith an Bhinse nó má chuirtear i gcoinne bhreith an Bhinse in imeachtaí dlíthiúla.

Conas is féidir leat rochtain a fháil ar do chuid faisnéise pearsanta

  1. Tá an ceart agat chun mionsonraí a iarraidh faoin bhfaisnéis phearsanta atá againn fút. Tabharfaimid na sonraí iomchuí duit laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a iarrann tú iad.

An Ceart maidir le Ceartú nó Scriosadh

  1. Tá tú i dteideal do chuid sonraí pearsanta a chur á gceartú má shealbhaímid sonraí míchruinne nó do chuid sonraí pearsanta a chur á scriosadh mura bhfuil cúis dhlisteanach againn chun iad a choimeád. I gcás inar mian leat iarratas a dhéanamh ar cheartú nó ar scriosadh sonraí, is féidir leat sin a dhéanamh ach iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig: An Cláraitheoir, An Binse Luachála, An Tríú hUrlár, Teach Holbrook, Sráid Holles, Baile Átha Cliath 2, nó le ríomhphost chuig: info@valuationtribunal.ie. Ceartófar nó scriosfar do chuid sonraí pearsanta laistigh d’aon mhí amháin ar choinníoll go bhfuil fianaise réasúnach ann chun tacú leis an ngá le ceartú nó le scriosadh.

Ceart maidir le hIniomparthacht Sonraí

  1. Tá tú i dteideal do chuid sonraí a fháil uainn agus iad a chur á n-aistriú chuig eagraíocht eile. I gcás inar mian leat iarratas a dhéanamh chun do chuid sonraí a chur á n-aistriú chuig eagraíocht eile, is féidir leat sin a dhéanamh ach iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chuig: An Cláraitheoir, An Binse Luachála, An Tríú hUrlár, Teach Holbrook, Sráid Holles, Baile Átha Cliath 2, nó le ríomhphost chuig: info@valuationtribunal.ie. Nuair a fhaightear iarraidh bhailí, déanfar do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig eagraíocht eile laistigh d’aon mhí amháin.