An Nós Imeachta le linn Éisteachta

Éisteann Rannán de chuid an Bhinse gach achomharc ar leith. Bíonn triúr comhaltaí ann i Rannán agus ní mór gur Cathaoirleach an Bhinse é nó í duine amháin acu sin nó ní mór é nó í a bheith ina Leaschathaoirleach de chuid an Bhinse. Le linn éisteacht achomhairc, tugann gach páirtí fianaise faoi mhionn agus cuireann siad a n-achoimre ar fhianaise i láthair chun tacú lena gcás agus déanann an páirtí/na páirtithe eile croscheistiú agus déantar croscheistiú air/uirthi/orthu.

Ceadaítear do pháirtithe ráiteas tosaigh a dhéanamh. Tugann an tAchomharcóir fianaise ar dtús agus féadfaidh an Binse agus an Freagróir (ionadaí an Choimisinéara Luachála) ceisteanna a chur ar an Achomharcóir agus/nó ar a bhfinné. Tugann an Freagróir fianaise ansin agus féadfaidh an Binse agus an tAchomharcóir ceisteanna a chur ar an bhFreagróir agus/nó ar a bhfinné. Nuair atá tabhairt na fianaise curtha i gcrích, fiafróidh an Binse den dá pháirtí an mian leo achoimre a thabhairt ar a gcás. Seoltar éisteachtaí achomhairc go príobháideach.

Tar éis na héisteachta, eisíonn an Binse breith réasúnaithe ina leagtar amach a chuid fionnachtana agus an bonn lena bhreith agus, má bhaineann an t-ábhar le cúrsaí candaim, déantar mionsonraí faoi ríomh na luachála a leagan amach sa bhreith freisin. Tugtar cóip scríofa do gach páirtí agus, in am trátha, cuirtear ar ar láithreán gréasáin an Bhinse í.

I gcás nach bhfuil ceachtar páirtí sásta le cinneadh an Bhinse ar phonc dlí, féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar Chathaoirleach an Bhinse cás a shonrú agus a shíniú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ina leith.