An Córas Glaoite

Tugadh isteach an Córas Glaoite chun déileáil leis an líon achomharc a bhí á fháil ag an mBinse Luachála ar líon é a bhí níos airde ná riamh roimhe sin. Ní mór gach achomharc a leagan os comhair an chórais glaoite i dtosach báire sula leithroinntear dáta éisteachta agus ní mór do gach páirtí in achomharc láithriú i bpearsa nuair a leithroinntear sliotán sa chóras glaoite.

Is ceart a thuiscint go gceanglaítear ar an dá pháirtí in achomharc freastal a dhéanamh nuair atá an córas glaoite a bhaineann leo á chur i gcrích. Sa gcás nach bhfuil Achomharcóir in ann freastal, ar aon chúis, ní mór dó nó di teagmháil a dhéanamh i scríbhinn le hoifigí an Bhinse. Má tharlaíonn neamhfhreastal arís agus arís eile, bainfear an t-achomharc de chlár achomharc an Bhinse.

Nóta: Má thagann na páirtithe ar chomhaontú eatarthu féin, ní mór daingniú scríofa ina leith sin a bheith faighte ag an mBinse sular féidir achomharc a bhaint de liosta an chórais glaoite. Ní cheadaítear don Achomharcóir gan freastal ar an gcóras glaoite go dtí go bhfaightear an daingniú sin. Ina theannta sin, daingneoidh an Binse an méid sin i scríbhinn má fhaightear comhaontú ón dá pháirtí.

Níl sé inghlactha teagmháil a dhéanamh leis an luachálaí iomchuí san Oifig Luachála maidir le freastal nó maidir le comhaontú, agus an méid sin amháin a dhéanamh, ós rud é nach bhfreastalaíonn na luachálaithe iad féin ar an gcóras glaoite sa Bhinse cé go mbíonn ionadaithe acu lena linn. Tá an Binse ina comhlacht atá neamhspleách go reachtúil ar an Oifig Luachála agus, dá bhrí sin, gníomhaíonn sé ar bhealach neamhspleách ar fad.

To view the appeals to be featured on the next Callover List please click here.