Saoráil Faisnéise, Cosaint Sonraí agus Ceadúnas maidir le hAthúsáid Faisnéise Seirbhíse Poiblí

Saoráil Faisnéise

Le héifeacht ón 31 Bealtaine 2006, tá feidhm ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise maidir leis an mBinse Luachála.

Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (“an tAcht um Shaoráil Faisnéise”), bunaítear roinnt ceart tábhachtach dlíthiúil do dhaoine atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil.

Cearta reachtúla faoin Acht um Shaoráil Faisnéise:

  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a shealbhaíonn comhlachtaí poiblí
  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun faisnéis oifigiúil a bhaineann leis an duine a chur á leasú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil i leith breitheanna a bhaineann leis an duine atá i gceist

Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise ceaptha chun ligean do dhaoine den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis a shealbhaíonn an Coimisiún ar faisnéis í NACH mBÍONN ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile Tagann rochtain ar fhaisnéis faoi Shaoráil Faisnéise faoi réir díolúintí áirithe agus tá nósanna imeachta agus teorainneacha ama sonracha ann ina leith.

Further information on the functions and records and on the rules and practices of the Valuation Tribunal is available in the Sections 15 & 16 Reference Book – A Guide to Functions, Records, Rules and Practices of the Valuation Tribunal published in accordance with the Freedom of Information Act.

Cosaint Sonraí

The General Data Protection Regulation (GDPR) came into effect on 25th May 2018. It provides regulation in relation to personal data including its collection and use by organisations and its protection. You have a right to obtain a copy of any information relating to you kept by the Valuation Tribunal. If you have an enquiry under the Data Protection Act, please contact us, giving as much detail as possible to enable us to locate your records. Further information on the data held by the Valuation Tribunal can be found in our Privacy Policy.

Ceadúnas maidir le hAthúsáid Faisnéise Earnála Poiblí

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005)

Comhlíonann an Binse Luachála na Rialacháin a bhaineann le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid Féadtar faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid, ach sin faoi réir an cheadúnais is déanaí maidir le hAthúsáid Faisnéise Earnála Poiblí, ar doiciméad é atá ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Tá cóipcheart ag an mBinse Luachála ar an bhfaisnéis atá ar ár láithreán gréasáin. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar ár láithreán gréasáin a athúsáid saor in aisce. Áiríonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála freisin. Tagann athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: Tá sé de cheangal ort:

  • • Admháil a thabhairt i leith fhoinse na faisnéise agus i leith chóipcheart an Bhinse Luachála i gcás ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
  • • Gan an fhaisnéis a úsáid ar mhodh arb é is príomhchuspóir dó táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn;
  • • Gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le cuspóirí neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta ná chun tacú le cuspóirí den sórt sin.

• Níl dliteanas ar an mBinse Luachála i leith aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráid. Ní údaraíonn an Binse Luachála d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige nó aici i leith a chuid faisnéise a athúsáid.

Further information is available in the Sections 15 & 16 Reference Book – A Guide to Functions, Records, Rules and Practices of the Valuation Tribunal published in accordance with the Freedom of Information Acts.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athúsáid na faisnéise a choimeádann an Binse Luachála, iarrtar ort dul i dteagmháil leis an duine seo a leanas:

An Cláraitheoir
Teileafón: 01 676 0130
info@valuationtribunal.ie.