Achomharc a Dhéanamh maidir le hAthbhreithniú

Achomhairc Athluachála

Is é atá in achomharc athluachála ná achomharc chuig an mBinse Luachála i gcoinne bhreith an Choimisinéara maidir le hathluacháil maoine tráchtála.

Is é atá in athluacháil ná Liosta Luachála cothrom le dáta a ullmhú i leith na maoine tráchtála agus tionscail go léir atá ann laistigh de limistéar údaráis rátúcháin, ar liosta luachála é a ullmhaítear faoi threoir luachanna reatha cíosa maoine ar dháta ar leith. Déantar foráil ina leith sin i gCuid 5 de na hAchtanna Luachála 2001 – 2015. Tá athluacháil na maoine tráchtála go léir in Éirinn á déanamh faoi láthair ag an gCoimisinéir Luachála agus tá athluacháil na tíre ar fad le bheith críochnaithe sna blianta atá díreach romhainn (agus leanfar den athluacháil ina dhiaidh sin ar bhonn leanúnach).

Is é Reval 2023 an chéim reatha den Chlár Náisiúnta Athluachála Is é seo an 2ú Athluacháil ar limistéar údaráis rátála Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus an 1ú Athluacháil ar limistéir na n-údarás rátála i gComhairlí Contae an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Foilseofar na luachálacha nua do na réimsí atá faoi athluacháil i Meán Fómhair 2023 agus beidh siad in éifeacht chun críocha rátaí ón 1ú Eanáir 2024.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar an seoladh idirlín seo a leanas: valoff.ie..

Ceart chun achomharc a dhéanamh

Éiríonn an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála tar éis don Choimisinéir Luachála luacháil a shocrú maidir le maoin tráchtála. Má tá duine míshásta leis an luacháil, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála ach ní mór sin a dhéanamh laistigh de 28 lá ón dáta a eisíonn an Oifig Luachála an Deimhniú Athluachála Críochnaitheach.

Tá sé an-tábhachtach a thuiscint gur comhlachtaí ar leithligh iad an Binse Luachála agus an Coimisinéir Luachála/an Oifig Luachála agus tá siad neamhspleách ar a chéile. Is é an ról atá ag an mBinse Luachála achomhairc i gcoinne bhreitheanna an Choimisinéara a éisteacht.

Achomharc a Dhéanamh

Revaluation 2023 is now closed.

Tar éis do chomhlachtaí uile na Státseirbhíse an Plean Íocaíochtaí Náisiúnta a chur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2022 ní ghlacann an Binse Luachála le seiceanna ná dréachtaí bainc mar íocaíocht ar tháillí achomhairc a thuilleadh. Ní mór íocaíochtaí a dhéanamh go leictreonach, tríd an bhfoirm achomhairc ar líne nó ar an bhfón le cárta dochair nó cárta creidmheasa, nó tríd an Ríomhaistriú Airgid.

Má tá aon cheisteanna agat faoin athrú seo ar an nós imeachta, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an mBinse Luachála ag info@valuationtribunal.ie nó leis an teileafón ag 01 6760130

Luacháil maoine de réir mar a chinn an Coimisinéir Luachála íTáille Achomhairc
Luacháil nach mó ná €20,000€95
Luacháil is mó ná €20,000 agus nach mó ná €50,000€125
Luacháil is mó ná €50,000 agus nach mó ná €250,000€300
Luacháil is mó ná €250,000€500

Táillí atá iníoctha i leith achomhairc athluachála chuig an mBinse Luachála: