Achoimre ar Fhianaise

Achoimre ar Fhianaise in achomhairc Athbhreithnithe/Athluachála

  1. Tá sé de cheangal ar an dá pháirtí in achomharc fianaise a thabhairt le linn na héisteachta.

Is iad seo a leanas na páirtithe in achomharc:

An tAchomharcóir (i.e. an duine/chuideachta/eagraíocht a dhéanann an tAchomharc)

An Freagróir (i.e. an Coimisinéir Luachála)

  1. In advance of the hearing, the Tribunal requires signed written summaries/precis of evidence from each party. Parties should refer to Rules 35-43 to ensure they are familiar with what is required to be included in a precis of evidence. These should contain the material on which you intend to rely at the hearing. Precis of evidence should be clearly tabbed with pagination. NB precis of evidence cannot be submitted by fax.
  2. Is ceart grianghraif agus léarscáileanna i leith na nithe seo a leanas a bheith ann i do precis/d’achoimre ar fhianaise i scríbhinn freisin:

an mhaoin is ábhar don achomharc

agus

maoin eile a luaitear san fhianaise mar mhaoin inchomparáide

  1. Ní mór duit Cúig achoimre ar fhianaise a thíolacadh faoin dáta & agus faoin am a luaitear i do litir fógra, mar a leanas:

Tabhair do d’aire, le do thoil: Má tá d’achomharc le héisteacht go fisiceach (seachas trí nasc cianda) mar éisteacht i bpearsa in Oifigí an Bhinse Luachála, iarrfar ort cúig chóip chrua de d’achoimre ar fhianaise a thíolacadh faoin dáta & agus faoin am a luaitear i do litir fógra, mar a leanas:

Ní mór na cúig chóip de d’achoimre a chur chuig:

An Cláraitheoir
An Binse Luachála
3ú hUrlár, Teach Holbrook
Sráid Holles
Baile Átha Cliath 2

Tabhair do d’aire, le do thoil: Má tá d’achomharc le héisteacht mar Éisteacht Chianda (trí Ardán Zoom): Ní mór duit d’achoimre a thíolacadh le ríomhphost, i bhformáid PDF, chuig info@valuationtribunal.ie

  1. For further information, please refer to the Valuation Tribunal Rules 2019

Thosaigh an Binse Luachála ag éisteacht achomharc go cianda (ar líne) i mí Iúil 2020. I gcás ina gcomhaontaíonn an dá pháirtí gur féidir an t-achomharc a éisteacht go cianda (gan aon ghá le héisteacht fhisiceach in Oifigí an Bhinse), féadfaidh Cathaoirleach an Bhinse d’achomharc a shannadh lena héisteacht go cianda.

Cé nach n-oireann éisteacht chianda do gach achomharc (bíonn saincheisteanna dlíthiúla i gceist le roinnt acu agus bíonn méideanna móra fianaise ag teastáil ina leith), féachann an Binse le páirtithe ar mian leo a n-achomharc a bheith á héisteacht go cianda a éascú d’fhonn laghdú a dhéanamh ar am taistil do na páirtithe agus an líon teoranta seomraí éisteachta fisiceacha atá ann inár n-oifigí á chur i gcuntas.