Athbhreithniú

Is é atá in “Athbhreithniú” ná an modh ina bhféadtar luacháil maoin ar leith a mheas idir athluachálacha limistéar an údaráis rátúcháin iomláin ina bhfuil an mhaoin sin suite. Tá an reachtaíocht lena rialaítear luachálacha leagtha amach i gCuid 6 de na hAchtanna Luachála 2001 – 2015 (arna leasú).

Féadfaidh áititheoir maoine, sealbhóir leasa sa mhaoin sin, nó an tÚdarás Áitiúil ar ina limistéir údaráis rátúcháin atá an mhaoin ar leith suite iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Luachála chun luacháil maoine a chur á hathbhreithniú. D’fhéadfadh sé gurb é a leanfadh as iarratas ar Athbhreithniú ná méadú nó laghdú ar an luacháil nó an luacháil a fhágáil gan athrú. Tá forais an-sonrach ann nach mór iad a chomhlíonadh sular féidir luacháil a athbhreithniú, ar forais iad atá leagtha amach sa reachtaíocht.

For detailed information regarding making appeals to the Tribunal in relation to Revision, click here