Luacháil Uileghabhálach

Is é atá i luachálacha uileghabhálacha ná luachálacha a dhéantar maidir le gnóthais fóntais phoiblí ainmnithe áirithe sa Stát. Déantar luachálacha uileghabhálacha de réir thimthriall cúig bliana mar a fhoráiltear le halt 53(6) den Acht Luachála 2001, arna leasú leis an Acht Luachála (Leasú) 2015. Baintear úsáid as próiseas na luachála uileghabhálaí i ndlínsí eile dlí choitinn freisin agus is bealach éifeachtúil é chun gnóthais fóntais phoiblí a ngabhann líonra náisiúnta nó réigiúnach leo a luacháil.

Ní bhaineann próiseas na luachálacha uileghabhálacha ach amháin leis an líonra fisiceach a áitíonn an gnóthas fóntais phoiblí atá i gceist agus úsáidtear é ar mhaithe le príomhchríocha nó príomhchuspóirí an ghnóthais amhail soláthar leictreachais nó gáis nó soláthar seirbhísí teileachumarsáide nó seirbhísí iompair phoiblí. Clúdaíonn na luachálacha uileghabhálacha na líonraí fisiceacha agus na córais fhisiceacha go léir amhail píblínte, línte iarnróid, cáblaí, cuaillí, postaí, píolóin, sreangacha agus gach déanmhas agus foirgneamh foghabhálach eile a úsáideann an fóntas agus a bhfuil gá leo chun an tseirbhís a sholáthar ón bpointe tosaigh go dtí an tomhaltóir. Tá sé tábhachtach a thuiscint nach n-áiríonn luacháil uileghabhálach an luacháil a dhéantar ar mhaoin eile amhail aonaid mhiondíola nó oifigí nó spás tionscail a áitíonn an gnóthas agus nach n-úsáideann sé ar mhaithe leis na cuspóirí thuas. Déantar an mhaoine eile sin a oibríonn an fóntas poiblí a luacháil ar leithligh ón gcreat luachála uileghabhálaí agus ar an modh céanna ina ndéantar luacháil ar mhaoin ar le gnóthaí eile í.