Láithreáin Thréigthe

Is féidir le húinéir Láithreáin Thréigthe achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála i gcoinne chinneadh an údaráis áitiúil i leith mhargadhluach an láithreáin sin.

  • De réir alt 22(4) den Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, is féidir le húinéir talún uirbí achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála i gcoinne cinneadh a dhéanann Údarás Áitiúil maidir le margadhluach láithreáin faoi fho-alt 1 d’alt 22 den Acht.
  • Tá cumhacht ag an mBinse déileáil le cinneadh an mhargadhluacha faoin Acht seo, agus leis sin amháin, d’fhonn an tobhach láithreán tréigthe a fhorchuireann an t-údarás áitiúil a ríomh.
  • Níl cumhacht aige déileáil le haon saincheisteanna eile a éiríonn idir na páirtithe.
  • Ní ábhar é a bhíonn le cinneadh ag an mBinse an cheist i dtaobh ar comhlíonadh ceanglais an Achta i ndáil le taifeadadh láithreán i gClár na Láithreán Tréigthe.
  • Níl cumhacht ag an mBinse chun breithniú a dhéanamh ar thuairimí úinéara maoine agus údaráis áitiúil faoi cé acu atá nó nach bhfuil láithreán ar leith tréigthe. Is ábhar é sin atá le réiteach ag an úinéir maoine agus ag an údarás áitiúil eatarthu féin agus níl aon ról ag an mBinse maidir leis.

For further information regarding making appeals to the Tribunal in relation to Derelict Sites, click here