An Próiseas Achomhairc

Is féidir achomharc i gcoinne na luachála ar mhaoin tráchtála a dhéanamh ar líne nó tríd an bpost. Caithfidh Foirm Fógra Achomhairc a bheith curtha isteach laistigh de 28 lá féilire ó dháta an Deimhnithe Luachála Deiridh arna eisiúint ag an Oifig Luachála.

Maidir leis an bhFógra Achomhairc a chuirtear chuig an mBinse:

  • ní mór forais iomlána an achomhairc a leagan amach ann;
  • ní mór an táille fhorordaithe chuí a bheith íoctha ina leith (ar líne nó ar an teileafón)
  • ní mór gurb é an fógra bunaidh sínithe é
  • ní fhéadfar fógra achomhairc a leasú gan cead a fháil ón mBinse.

Féadfaidh tú d’achomharc a thaisceadh ar líne nó leis an bpost (ach ní mór an íocaíocht ina leith a dhéanamh ar líne nó leis an teileafón).

Cláróidh an Binse d’achomharc agus sannfaidh sé uimhir don achomharc.

Déanfaidh an Binse admháil maidir le d’Fhógra Achomhairc a bheith faighte a sheoladh chugat le ríomhphost. San admháil sin:

  • tabharfar ár gcuid mionsonraí teagmhála; agus
  • taispeánfar an fhaisnéis atá againn faoi d’achomharc, lena n-áirítear uimhir an achomhairc, agus is ceart duit an uimhir sin a lua má dhéanann tú teagmháil linn faoi d’achomharc; agus
  • iarrfar ort a chur in iúl dúinn an mbeartaíonn tú ionadaí dlíthiúil a bheith in éineacht leat ag an éisteacht agus an mbeidh gá le héisteacht fhada, dar leat; agus
  • include an information sheet setting out the requirements regarding summaries of evidence for appeals to the Tribunal and a copy of the rules.

Déanfaidh an Binse cóip den Fhógra Achomhairc a sheirbheáil ar an áititheoir (i gcás nach é nó í an tAchomharcóir é nó í), ar an údarás rátúcháin agus ar an gCoimisinéir Luachála.

Ós rud é nach bhfuil rochtain ag an mBinse Luachála ar Dheimhnithe Luachála, déanfaidh an Coimisinéir Luachála, tar éis achomharc a fháil, bailíocht an achomhairc a dhaingniú ag féachaint don dáta a d’eisigh an Coimisinéir Luachála an Deimhniú Luachála críochnaitheach, lena chinntiú gur tíolacadh an t-achomharc laistigh de 28 lá ó dháta eisithe an Deimhniú Luachála.

Tiocfaidh achomhairc os comhair chóras glaoite tréimhsiúil an Bhinse Luachála ar mhaithe le dáta éisteachta a leithroinnt. Ní mór do gach páirtí in achomharc láithriú i bpearsa (nó trí nasc cianda ar líne) nuair a leithroinntear sliotán ar an gcóras glaoite. Rachaidh an Binse i dteagmháil leat go foirmiúil chun an dáta freastail atá socraithe faoin gcóras glaoite a chur in iúl duit.

Sula sanntar dáta an chórais glaoite, eiseoidh an Binse Luachála treoracha chuig na páirtithe, ar treoracha iad ina leagfar amach na teorainneacha ama a bhaineann le fianaise a thíolacadh don Bhinse. Tabhair do d’aire le do thoil, go bhféadfadh sé tarlú, i gcás nach gcloítear leis na teorainneacha ama a leagtar síos, go scriosfar achomharc cheal ionchúisimh.

Parties to an appeal should familiarise themselves with the Valuation Tribunal Rules 2019, particularly:

  • Rialacha 23-27 (Forais Achomhairc)
  • Riail 34 (Teorainneacha Ama)
  • Rialacha 35 – 43 (Achoimre ar an bhFianaise)
  • Rialacha 44 – 51 (Aighneachtaí Dlíthiúla)