Láithreáin Fholmha

Is féidir le húinéir Láithreáin Fholaimh achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála i gcoinne chinneadh an údaráis áitiúil i leith mhargadhluach an láithreáin sin.

  • De réir alt 13(1) den Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015, is féidir le húinéir talún uirbí achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála i gcoinne cinneadh a dhéanann Údarás Áitiúil maidir le margadhluach láithreáin faoin Acht.
  • Tá sé de chumhacht ag an mBinse déileáil le cinneadh an mhargadhluacha faoin Acht seo, agus leis sin amháin, d’fhonn an tobhach láithreán tréigthe a fhorchuireann an t-údarás áitiúil a ríomh.
  • Níl cumhacht aige déileáil le haon saincheisteanna eile a éiríonn idir na páirtithe.
  • Ní ábhar é a bhíonn le cinneadh ag an mBinse an cheist i dtaobh ar comhlíonadh ceanglais an Achta i ndáil le taifeadadh láithreán i gClár na Láithreán Folamh.
  • Níl cumhacht ag an mBinse chun breithniú a dhéanamh ar thuairimí úinéara maoine agus údaráis áitiúil faoi cé acu atá nó nach bhfuil láithreán ar leith folamh. Is ábhar é sin atá le réiteach ag an úinéir maoine agus ag an údarás áitiúil eatarthu féin agus níl aon ról ag an mBinse maidir leis.

For further information regarding making appeals to the Tribunal in relation to Vacant Sites, click here