Achomharc a dhéanamh maidir le Láithreán Folamh

Achomharc a Dhéanamh

Éiríonn an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an mBinse tar éis d’údarás áitiúil margadhluach láithreáin fholaimh a chinneadh faoin Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015. Féadfaidh úinéir an láithreáin fholaimh achomharc a dhéanamh chuig an mBinse i gcoinne chinneadh an mhargadhluacha laistigh de 28 lá ó dháta an Fhógra ón Údarás Áitiúil maidir le Cinneadh an Mhargadhluacha.

Chun achomharc a dhéanamh, níl le déanamh ach an fhoirm Achomhairc Ar Líne maidir le Láithreán Folamh a chomhlánú agus a thíolacadh. Is ceart an fhoirm sin a thíolacadh don Bhinse Luachála laistigh den teorainn ama reachtúil.

Ní mór an Fhoirm Achomhairc a shíniú agus a dhátú agus ní mór an táille chuí a bheith íoctha sula dtíolactar an fhoirm.

Cuimhnigh gur ceart na Treoirlínte maidir le Comhlánú Fógra Achomhairc i ndáil le Láithreán Folamh a léamh roimh an bhfoirm a chomhlánú.

Mar mhalairt air sin, is féidir leat cóip den fhoirm Achomhairc i gcoinne Fógra maidir le Láithreán Folamh a íoslódáil..

Tar éis do chomhlachtaí uile na Státseirbhíse an Plean Íocaíochtaí Náisiúnta a chur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2022 ní ghlacann an Binse Luachála le seiceanna ná dréachtaí bainc mar íocaíocht ar tháillí achomhairc a thuilleadh. Ní mór íocaíochtaí a dhéanamh go leictreonach, tríd an bhfoirm achomhairc ar líne nó ar an bhfón le cárta dochair nó cárta creidmheasa, nó tríd an Ríomhaistriú Airgid.

Má tá aon cheisteanna agat faoin athrú seo ar an nós imeachta, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an mBinse Luachála ag info@valuationtribunal.ie nó leis an teileafón ag 01 6760130

Luacháil maoine de réir mar a chinn an tÚdarás Áitiúil íTáille Achomhairc
Luacháil nach mó ná €100,000€165
Luacháil is mó ná €100,000 ach nach mó ná €500,000€350
Luacháil is mó ná €500,000 ach nach mó ná €1,000,000€500
Luacháil is mó ná €1,000,000€1,000
Táillí atá iníoctha i leith achomhairc chuig an mBinse Luachála maidir le Láithreán Folamh: