Achomharc a Dhéanamh maidir le hAthbhreithniú

Achomhairc maidir le hAthbhreithniú

Is é atá in achomharc maidir le hathbhreithniú ná achomharc chuig an mBinse Luachála i gcoinne bhreith an Choimisinéara Luachála i ndáil le hathbhreithniú ar luacháil maoine tráchtála faoi Chuid 6 de na hAchtanna Luachála 2001 – 2015 (arna leasú).

Ceart chun achomharc a dhéanamh

Éiríonn an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála tar éis don Choimisinéir Luachála luacháil a shocrú maidir le maoin tráchtála. Má tá duine a ndéanann an luacháil difear dó nó di míshásta leis an luacháil, is féidir leis nó léi achomharc i gcoinne na breithe sin a dhéanamh chuig an mBinse Luachála laistigh de 28 lá ó dháta eisiúna an deimhnithe luachála.

Tá sé an-tábhachtach a thuiscint gur comhlachtaí ar leithligh iad an Binse Luachála agus an Coimisinéir Luachála/an Oifig Luachála agus tá siad neamhspleách ar a chéile. Is é an ról atá ag an mBinse Luachála achomhairc i gcoinne bhreitheanna an Choimisinéara a éisteacht.

Mar thoradh ar an bpróiseas athluachála atá ar siúl faoi láthair, tá dhá chatagóir achomhairc ann anois a mhéid a bhaineann le hathbhreithniú. Is ionann an modh ina ndéanann duine achomharc sa dá chatagóir sin ach tá Foirmeacha Fógra Achomhairc agus Táblaí Táillí éagsúla ann.

Athbhreithniú Caighdeánach

Nuair atá achomharc á dhéanamh i gcoinne luacháil maoine tráchtála atá suite i limistéar Údaráis Rátúcháin nach bhfuil an próiseas Athluachála curtha i gcrích maidir leis fós (i.e. Cathair Chorcaí, Contae Chorcaí amháin), iarrtar ort an fhoirm maidir le hAchomhairc Ar Líne i gcoinne Athbhreithniú Caighdeánach a chomhlánú.

Nó, mar mhalairt orthu sin, is féidir leat an fhoirm Fógra Athbhreithnithe um Achomhairc Chaighdeánaigh a íoslódáil.

Athbhreithniú Iar-Athluachála (PR)

Nuair atá achomharc á dhéanamh i gcoinne luacháil maoine tráchtála atá suite i limistéar Údaráis Rátúcháin a bhfuil an próiseas Athluachála curtha i gcrích maidir leis cheana féin (Gach contae gan iad seo a leanas a áireamh: Cathair Chorcaí, Contae Chorcaí ), iarrtar ort an fhoirm maidir le hAchomhairc Ar Líne i gcoinne Athbhreithniú (Iar-Athbhreithniú) a chomhlánú.

Nó, mar mhalairt air sin, is féidir leat an fhoirm Fógra Athbhreithnithe um Achomhairc (Iar-Athluacháil) a íoslódáil.

Achomharc a Dhéanamh

Chun achomharc a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm Achomhairc Ar Líne iomchuí thuas agus seol í chuig an mBinse Luachála laistigh den teorainn ama reachtúil, is é sin, 28 lá ón dáta a eisíonn an Coimisinéir Luachála an Deimhniú Luachála nó an Fógra Luachála. Ní mór an táille chuí a íoc i gcomhthráth le déanamh an achomhairc. Cuimhnigh gur ceart na Treoirlínte maidir le Comhlánú Fógra Achomhairc a léamh roimh an bhfoirm a chomhlánú.

Tar éis do chomhlachtaí uile na Státseirbhíse an Plean Íocaíochtaí Náisiúnta a chur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2022 ní ghlacann an Binse Luachála le seiceanna ná dréachtaí bainc mar íocaíocht ar tháillí achomhairc a thuilleadh. Ní mór íocaíochtaí a dhéanamh go leictreonach, tríd an bhfoirm achomhairc ar líne nó ar an bhfón le cárta dochair nó cárta creidmheasa, nó tríd an Ríomhaistriú Airgid.

Má tá aon cheisteanna agat faoin athrú seo ar an nós imeachta, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an mBinse Luachála ag info@valuationtribunal.ie nó leis an teileafón ag 01 6760130

ACHOMHARC MAIDIR LE hATHBHREITHNIÚ CAIGHDEÁNACH

Luacháil maoine mar atá luaite ar an Deimhniú Luachála nó ar an bhFoirm LuachálaTáille Achomhairc
Luacháil nach mó ná €50€95
Luacháil is mó ná €50 agus nach mó ná €150€125
Luacháil is mó ná €150 agus nach mó ná €650€300
Luacháil is mó ná €650€500
Táillí atá iníoctha i leith achomhairc chuig an mBinse Luachála maidir le hAthbhreithniú Caighdeánach:

FÓGRA ACHOMHAIRC I gCOINNE ATHBHREITHNIÚ (IAR-ATHBHREITHNIÚ)

Luacháil maoine mar atá luaite ar an Deimhniú Luachála nó ar an bhFoirm LuachálaTáille Achomhairc
Luacháil nach mó ná €20,000€95
Luacháil is mó ná €20,000 agus nach mó ná €50,000€125
Luacháil is mó ná €50,000 agus nach mó ná €250,000€300
Luacháil is mó ná €250,000€500
Táillí atá iníoctha i leith achomhairc chuig an mBinse Luachála maidir le hAthbhreithniú (Iar-Athbhreithniú):