Achomharc a dhéanamh maidir le Láithreán Tréigthe

Achomharc a Dhéanamh

Éiríonn an ceart chun achomharc a dhéanamh chuig an mBinse tar éis d’údarás áitiúil margadhluach láithreáin thréigthe a chinneadh faoin Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, agus féadfaidh úinéir an láithreáin thréigthe achomharc a dhéanamh chuig an mBinse i gcoinne chinneadh an mhargadhluacha laistigh de 28 lá ón dáta a fhaigheann sé nó sí an Fógra maidir le Cinneadh an Mhargadhluacha ón Údarás Áitiúil.

Chun achomharc a dhéanamh, níl le déanamh ach an fhoirm Achomhairc Ar Líne maidir le Láithreán Tréigthe a chomhlánú agus a thíolacadh. Bí cinnte, le do thoil, go dtíolactar an fhoirm sin don Bhinse Luachála laistigh den teorainn ama reachtúil (28 lá) agus go n-íoctar an táille chuí ag an tráth céanna.

Remember to read the Guidelines for Completion of Notice of Appeal before completing the form.

Mar mhalairt air sin, is féidir leat cóip den fhoirm Achomhairc i gcoinne Fógra maidir le Láithreán Tréigthe a íoslódáil.

Tar éis do chomhlachtaí uile na Státseirbhíse an Plean Íocaíochtaí Náisiúnta a chur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2022 ní ghlacann an Binse Luachála le seiceanna ná dréachtaí bainc mar íocaíocht ar tháillí achomhairc a thuilleadh. Ní mór íocaíochtaí a dhéanamh go leictreonach, tríd an bhfoirm achomhairc ar líne nó ar an bhfón le cárta dochair nó cárta creidmheasa, nó tríd an Ríomhaistriú Airgid.

Má tá aon cheisteanna agat faoin athrú seo ar an nós imeachta, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an mBinse Luachála ag info@valuationtribunal.ie nó leis an teileafón ag 01 6760130

Luacháil maoine de réir mar a chinn an Freagróir íTáille Achomhairc
Luacháil nach mó ná €65,000€60
Luacháil is mó ná €65,000 agus nach mó ná €130,000€125
Luacháil is mó ná €130,000€190

Táillí atá iníoctha i leith achomharc chuig an mBinse Luachála maidir le Láithreán Tréigthe: