Achomharc Uileghabhálach a Dhéanamh

Achomharc a Dhéanamh

Féadfaidh gnóthas, údarás rátúcháin agus an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBinse, laistigh de 28 lá ón dáta a eisíonn an Coimisinéir an deimhniú lena mbaineann, i gcoinne na nithe seo a leanas

  • luacháil uileghabhálach i ndáil leis an ngnóthas, ar luacháil í a dhéantar de bhun alt 53 agus atá sonraithe i ndeimhniú luachála uileghabhálaí a eisítear faoin alt sin,
  • aon mhionsonra eile a luaitear sa deimhniú sin,
  • aon bhreith de chuid an Choimisinéara chun aon mhaoin ar leith a áireamh sa luacháil uileghabhálach sin nó gan aon mhaoin ar leith a áireamh inti.

Chun achomharc a dhéanamh, níl le déanamh ach an fhoirm Achomhairc Ar Líne maidir le Luacháil Uileghabhálach a chomhlánú. Is ceart duit an fhoirm sin a chomhlánú agus a thíolacadh don Bhinse Luachála laistigh den teorainn ama reachtúil (28 lá).

Níl aon táillí iníoctha leis an mBinse i leith Achomhairc Uileghabhálacha.

Mar mhalairt air sin, is féidir leat cóip d’fhoirm an Fhógra Achomhairc i gcoinne Luacháil Uileghabhálach a íoslódáil.