Freastal ar an éisteacht

Following the Call Over the Tribunal will give you written notice of the hearing date. This notice will confirm when the hearing will take place – hearings usually start at 10am and take place in the Tribunal offices in Holbrook House, Holles Street, Dublin 2. A map to the Tribunal offices is available here.

Nuair a leithroinntear dáta éisteachta le haghaidh éisteachta, bíonn ar na páirtithe go léir san éisteacht lena mbaineann láithriú ag an am agus ar an dáta atá socraithe agus ní ghlacfar le haon iarraidh ar atráthú roimh an éisteacht sin. Is féidir aon iarraidh ar atráthú a dhéanamh ar lá na héisteachta chuig an Rannán a bhfuil an t-achomharc á éisteacht aige ach ní dócha go gceadófar iarraidh den sórt sin seachas in imthosca atá fíor-eisceachtúil. I gcás nach láithríonn ceachtar páirtí ag éisteacht de chuid an Bhinse, bainfear an t-achomharc den liosta agus dearbhófar an luacháil mar atá leagtha síos sa Liosta Luachála.

Each party must lodge a summary of evidence on those legal grounds with the Tribunal (4 copies) and exchange it with the other party/parties two weeks before the hearing date. The purpose of the summary of evidence is to enable the Tribunal and the Valuation Office to understand the main arguments and evidence in your appeal. Please provide a summary of all the points and evidence you wish to raise at the hearing. To assist the Tribunal to get as clear a picture as possible, you should include maps and photographs of the property under appeal and comparison properties.

Ní ghlacfaidh an Binse go fabhrach le haon fhianaise a thíolactar ar lá na héisteachta ar fianaise í nár tarraingíodh aird uirthi san achoimre agus d’fhéadfadh sé nach nglacfaidh sé léi ar chor ar bith, sin nó d’fhéadfadh sé go gcuirfear an éisteacht ar atráth le gur féidir leis an bhFreagróir breithniú a dhéanamh uirthi.

I gcás ina luaitear forais dhlíthiúla in achomharc, ní mór do gach páirtí aighneacht faoi na forais sin a thaisceadh leis an mBinse (4 chóip) agus í a mhalartú leis an bpáirtí/na páirtithe eile dhá sheachtain roimh dháta na héisteachta. Is féidir liosta cásanna/údarás a mbeartaítear tagairt a dhéanamh dóibh ag an éisteacht a chur ag gabháil leis an aighneacht sin.

Suíonn an Binse ina Rannáin ina mbíonn triúr daoine, Leaschathaoirleach amháin agus beirt Ghnáthchomhaltaí. Bíonn an Cláraitheoir, nó Leaschláraitheoir, i láthair ag gach éisteacht ar leith agus seoltar na héisteachtaí go príobháideach.

Ní cheadaítear d’aon duine seachas na páirtithe, agus/nó a n-ionadaithe, agus finnéithe a bheith i láthair. Déantar éisteachtaí a thaifeadadh agus, de ghnáth, eagraítear mar fhiosrúcháin iad seachas ar mhodh córas sáraíochta.

Go hiondúil, ní fhógraítear breith an Bhinse le linn na héisteachta ach cuirtear in iúl níos déanaí i scríbhinn í. Féachaimid le breithiúnas an Bhinse a chur chugat laistigh de 6 mhí ó dháta na héisteachta.